Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Clár OWL

Is clár feidhmeach foghlama, forbartha agus sóisialaithe do dhaoine fásta faoi mhíchumas intleachta é Clár Foghlama Oibre an Oireachtais (OWL). Éascaíonn Seirbhís Thithe an Oireachtais clár OWL i gcomhar le KARE agus WALK agus le tacaíocht ón tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí.

Faigheann iarrthóirí OWL faoi oiliúint taithí réadúil, fheidhmeach foghlama i suíomh oibre. Cuirtear tacaíocht ar fáil dóibh agus iad ag forbairt scileanna a chabhróidh leo fostaíocht a fháil sa mhargadh saothair oscailte. Ba mhaith linn cabhrú le hoifigí eile de chuid an Stáit agus de chuid na hearnála poiblí a bheith páirteach trí shocrúcháin taithí oibre a chur ar fáil d’iarrthóirí OWL faoi oiliúint nó trí dheiseanna earcaíochta a chur ar fáil do chéimithe OWL.

Sraith straitéisí le haghaidh eagraíochtaí na hearnála poiblí

An oibríonn tú i Roinn Rialtais nó in eagraíocht eile de chuid na hearnála poiblí? Ar mhaith leat foghlaim faoi conas is féidir le do shuíomh oibre a bheith páirteach i gclár OWL? Foghlaim tuilleadh leis na treoracha úsáideacha seo.

Front cover of OWL brochure

An chéad bhronnadh céime de chuid OWL

Bronnadh céim ar na chéad rannpháirtithe OWL i Meán Fómhair 2019. Bhronn an Ceann Comhairle, Seán Ó Fearghaíl TD, na teastais ar na céimithe ag searmanas i dTeach Laighean.

We in turn also learned from them. They each brought their own skills and experience and added greatly to the work that is done here every day.
Ceann Comhairle, Seán Ó Fearghaíl TD

Treoir do dhaoine ar mhaith leo a bheith ina n-iarrthóirí OWL faoi oiliúint

Cathain a thosóidh an chéad chlár OWL eile?
Cé atá in ann iarratas a dhéanamh?
Conas is féidir liom iarratas a dhéanamh le bheith i m’iarrthóir OWL faoi oiliúint?
Conas a roghnaítear daoine?
Cé chomh fada a mhairfidh an clár agus cé mhéad uaireanta a bheidh i gceist?
An íocfar mé mar iarrthóir OWL faoi oiliúint?
An mbeidh tionchar ag a bheith i m’iarrthóir OWL faoi oiliúint ar m’íocaíochtaí leasa shóisialaigh.
Cén cineál oibre a d’fhéadfadh a bheith á déanamh agam?
Cé a thacóidh liom mar iarrthóir faoi oiliúint ar an gclár?
Céard atáthar ag súil leis ó iarrthóirí OWL faoi oiliúint le linn a socrúchán?
An bhfaighidh mé post tar éis dom céim OWL a bhaint amach?
Mura bhfuil mé incháilithe do chlár OWL an bhfuil roghanna eile ann dom?

Treoir d’fhostóirí féideartha de chéimithe OWL

Céard é clár OWL?
Conas is féidir le m’eagraíocht a bheith ina suíomh socrúcháin do chlár OWL?
Cé na buntáistí a bhaineann le bheith mar shuíomh socrúcháin?
Cé chomh fada a bheadh orm a bheith páirteach sa chlár?
Céard is fostaíocht thacaithe ann?
Céard is socrú réasúnta ann?
Cé a thacóidh le mo roinn/m’fhoireann le linn an chláir?

Sonraí teagmhála

Chun plé a dhéanamh ar conas is féidir le d’áit oibre páirt a ghlacadh

Foireann OWL

owl@oireachtas.ie

Chun iarratas a dhéanamh ar pháirt a ghlacadh i gclár OWL

Limistéar Bhaile Átha Cliath Vicki Hogan vicki@walk.ie

Limistéar Chill Dara Peter Furlong peter.furlong@kare.ie

Dáil division bell audio

This is what a division bell sounds like for the Dáil

Amharc ar an bhfíseán

The OWL Trainees at work

Roinn